Synopsis
- Nuair a bhí an tíogar ceilteach i mbarr réime phill a lán inimirceach, ní amháin ar na cathracha ach ar cheantair iargúlta tuaithe comh maith. D’fhág sé seo scoileanna beaga ag freastal ar pháistí ó chúlraí difriúla agus na páistí sin tomtha i dteanga agus i gcultúr nar bhuail siad leis cheana. Cuireadh na Cúntóirí Teanga ar bun chun cuidiú leo thar an bhac seo - 22 acu ar fad sa chondae. Tagann an cúntóir teanga chun an tseomra ranga ar chuireadh ón scoil. Cothaíonn agus spreagann sí grá don teanga i measc pháistí a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu agus tugann sí cuidiú daofa sin nach bhfuil an Ghaeilge acu, imeascadh i gcóras lán-ghaelach. Caitheann ‘Saighdiúirí Beaga Gaelacha’, súil ar May -an Cúntóir Teanga agus ar an chaidreamh atá aici leis an mheascán de páistí ó chúlraí difriúla, i scoil bheag dhá oide ar imeall na Gaeltachta. Ins an phortráid aoibhinn inár iad na páistí na laochraí, feiceann muid méadú ag teacht ar an ‘ghrá’ atá ag na páisti don teanga agus an choimhlint a bhíonn acu agus iad ag iarraidh í a chuir in oiriúint dá saol. Tugann an scannán léargas suimiúil taitneamhach dúinn ar an tábhacht a bhaineann le caomhnú na gcanúintí dúchais.
Crew
- Director: Neasa Ní Chianáin
- Director of photography: Neasa Ní Chianáin
- Editor (Cut): Una Ní Dhonghaile
- Producer: David Rane
- Production company: Soilsiú FIlms
Awards
- (2005) Best Irish Language Film, Dublin
Festivals
- (2005) Stranger Than Fiction, Dublin